Ag dúil le deireadh seachtaine mór CLG

Fuair Cormac Costelloe laoch na himeartha in aghaidh Mhaigh Eo Dé Domhnaigh

Gráinne McElwain

Níl a fhios ag daoine cibé cluiche a mba chóir dóibh freastal agus féachaint air. Luaigh Uachtarán CLG Jarlath Burns go bhfuil an CLG ag caint leis na comhairlí uilig agus go gceapann sé go mbeidh athrú ar struchtúr na craoibhe do 2025.

Sílim go gcuirfidh achan duine fáilte roimhe sin mar leis an mhéid cluichí atá ag dul ar aghaidh, tá sé doiligh anailís agus súil cheart a choinneáil orthu.

Feicfidh muid neart cluichí arís an deireadh seachtaine seo. Ar an Domhnach, beidh cluichí leathcheannais peile i gCorn Tailteann idir Laois agus Aontroim, le Sligeach agus an Dún sa chluiche eile. Feicfear Corcaigh agus Áth Cliath lena chéile i gCluiche Ceathrú Ceannais Iomána na hÉireann, leis an Chlár agus Loch Garman in aghaidh a chéile sa chluiche eile Dé Sathairn.

Chomh maith leis sin, beidh réamhbhabhtaí Chluiche Ceathrú Ceannais Peile na hÉireann ar siúl ag an deireadh seachtaine le neart aicsin fosta i gCraobh Peile na mBan agus Craobh Camógaíochta na hÉireann.

Rinneadh an tarraingt do chluichí peile na bhfear Dé Luain agus is é an cluiche idir Maigh Eo agus Doire a sheasann amach go mór. Bhí mí-ádh ar Mhaigh Eo nach raibh na pointí acu i gcoinne Átha Cliath Dé Domhnach. D’imir siad thar barr agus ba é Cormac Costelloe laoch na himeartha le 0-7 agus é ag fáil an chúilín chinniúnaigh chun comhscór a thochailt amach.

Tá sé ró-luath a rá go bhfuil Maigh Eo ar ais ar a seanléim ach bhí siad thar barr – leis na foirne atá fágtha sa chomórtas buíoch nach bhfuair siad Maigh Eo sa tarraingt.

Ní raibh an t-ádh ar Dhoire agus beidh siad ag taisteal go Caisleán an Bharraigh tar éis an lámh in uachtar 2-7 le 0-9 a fháil ar an Iarmhí. Beidh le feiceáil an spreagann an bua sin Doire ach níor imir siad chomh maith sin. Ní raibh ach cúilín idir na foirne agus an cheathrú dheireanach tagtha ach fuair Emmet Bradley cúl chun solas an lae a chur idir na foirne.

Rud dearfach do Dhoire ná gur bhuaigh siad cluiche. Chaill siad na trí chluiche roimhe sin. Gan dabht, tá easpa muiníne ag cur as dóibh ach ba chóir go mbeadh siad níos fearr Dé Sathairn. Sílim, áfach, go mbeidh an bua ag Maigh Eo ach is é leabnúnachas an cheist a chaithfear a chur ar Mhaigh Eo. In amantaí is féidir leo imirt thar barr in aghaidh leithéidí Átha Cliath nuair nach raibh aon duine ag súil go mbeadh an bua acu. Ach is iad rogha na n-údar chun a bheith sa cheathrú ceannais an tseachtain seo chugainn.

Feicfidh muid an bhfuil siad in ann taispeántas maith a chur chun páirce agus an bua a fháil.

Tá gortuithe ag crá fhoireann na Gaillimhe agus d’imigh Seán Ó Maolchiaráin agus Céin D’Arcy ón pháirc sa chomhscór a bhí idir iad féin agus Ard Mhacha. Beidh díomá ar Ghaillimh nár bhuaigh siad an cluiche sin. Bhí siad cúig chúilín chun tosaigh agus an cluiche beagnach thart ach níor bhainistigh siad an cluiche mar is ceart, le ciceanna amach Conor Gleeson ag dul amú agus fuair Ard Mhacha 1-1 as.

Caithfidh siad a bheith níos fearr leis na ciceanna amach an chéad lá eile. Níor imir Damien Comer agus ní fios fós an bhfeicfidh muid é i Staid an Phiarsaigh Dé Sathairn.

Ghortaigh Ryan O’Toole Mhuineacháin a ghualainn ina mbua in aghaidh na hIarmhí. D’fhág Joel Wilson an pháirc le gortú chomh maith agus feicfidh muid an mbeidh an bheirt ar fáil don deireadh seachtaine in aghaidh na Gaillimhe.

Bhí Michéal Bannigan thar barr sa líne leatosaigh, le leithéidí Stephen O’Hanlon agus Gary Mohan i lár na páirce ag seasamh suas don dara leath. B’in an chéad bhua a bhí ag Muineachán ó mhí Eanáir agus an chéad bhabhta den tsraith ach caithfidh Muineachán a bheith airdeallach faoi ruathair Rory Beggan amach ó na cúil.

Nuair a chaill Muineachán seilbh na liathróide, d’éirigh le Cathal Hickey cúl a aimsiú mar nach raibh Rory ná na cosantóirí eagraithe mar is ceart. Íocfaidh siad go daor as an taictic sin má chailleann siad seilbh na liathróide in aghaidh na Gaillimhe.

Sna cluichí eile, beidh Tír Eoghain sa bhaile in aghaidh Ros Comáin agus sílim go mbeidh a ndóthain ag Tír Eoghain do na Rossies an uair seo. Ar an Domhnach, beidh Corcaigh ag taisteal go hInis Caoin agus cluiche crua in aghaidh Lú. Feicfidh muid cén sórt meoin a bheas ag Corcaigh.

Bhí an deis acu dul ar bharr an ghrúpa ach theip orthu agus chríochnaigh siad sa tríú háit mar gur chaill siad i gcoinne Thír Eoghain. Chaill Lú le 14 phointe in aghaidh Chiarraí ach cosúil le Corcaigh, is maith leis an líne leathchúil dul ar an ionsaí. Bhí leithéidí Matty Taylor ciúin do Chorcaigh an tseachtain seo caite ach seo cluiche a bheas an dá fhoireann muiníneach faoi.

Is ar GAAGO a bheas réamhbhabhtaí Chluiche Ceathrú Ceannais Peile na hÉireann le feiceáil, le RTÉ ag clúdach Chluichí Ceathrú Ceannais Iomána na hÉireann agus na gcluichí leathcheannais i gCorn Tailteann. Deireadh seachtaine mór CLG mar sin.