Seachtain: Housing crisis sa Ghaeltacht – ‘Sleeping in my van mar nach bhfuil lóistín agam’

Tá daoine óga sna Ghaeltachtaí ag rá go bhfuil siad á mbrú amach as na ceantair sin.Dar leis an ghrúpa BÁNÚ tá Airbnb mar chuid mhór den fhadhb.

Stock image. Photo: Getty

Tá an grúpa feachtasaíochta BÁNÚ ag impí ar an rialtas dul i ngleic leis an easpa tithíochta sa Ghaeltacht ar bhonn práinneach.

Deir siad nach féidir le daoine óga teach a cheannach, teach a fháil ar cíos nó teach a thógáil mar gheall ar an easpa soláthar.

Tá siad á mbrú amach as na Gaeltachtaí dá bharr.

Dúirt Maitiú de Hál, atá ina bhall den ghrúpa, go gcuireann an ghéarchéim tithíochta an an Ghaeilge i mbaol.

Labhair Seachtain le Maitiú de Hál faoi na fadhbanna, na réitigh agus ar an tionchar ar mhuintir na háite.

Seachtain: Housing crisis sa Ghaeltacht – ‘Sleeping in my van mar nach bhfuil lóistín agam’

Listen on Apple
Podcasts Listen on
Spotify