Is fearr a fhásann geilleagar nuair a bhíonn saorthrádáil ann
Trádáil
Is fearr a fhásann geilleagar nuair a bhíonn saorthrádáil ann
An t-eagrán is déanaí.
Meiteashonraí an fhoilseacháin
Ní mór féachaint ar bheartas trádála an Aontais Eorpaigh i bhfianaise dhá ghné de shaol an lae inniu. Ar lámh amháin, tábhacht an Aontais féin mar mhórghníomhaí domhanda. Ar lámh eile, an t-athrú atá ag teacht ar an timpeallacht idirnáisiúnta de thoradh an domhandaithe. Is é an tAontas Eorpach (AE) an geilleagar is mó ar domhan, an t-easpórtálaí agus an t‑iompórtálaí is mó, an t‑infheisteoir is mó agus is é is mó a fhaigheann infheistíocht choigríche agus a thugann cabhair do thíortha eile. Cé nach bhfuil ach beagán os cionn 7 % de dhaonra an domhain ina chónaí ann is aige atá an ceathrú cuid de rachmas an domhain de réir Olltáirgeacht Intíre (OTI), is é sin luach iomlán na n-earraí agus na seirbhísí a tháirgtear. Féadann an tAontas poist a chruthú trí dhul i mbun trádála le tíortha agus réigiúin eile de bhrí go bhfuil margadh aonair aige, rud a ráthaíonn saorghluaiseacht earraí, seirbhísí, daoine agus caipitil laistigh dá theorainneacha. Is é an tAontas, seachas na rialtais náisiúnta, atá freagrach as an margadh seo. Bainistíonn sé caidreamh trádála le tíortha lasmuigh den Aontas, leis. Agus é ag labhairt d’aon ghuth, is mó an tionchar a bhíonn ag AE i gcaibidlíocht trádála idirnáisiúnta ná mar a bhíonn ag aon cheann de na Ballstáit. Tá AE gníomhach i gcúrsaí eacnamaíocha agus polaitiúla, agus tá leasanna agus freagrachtaí réigiúnacha agus domhanda aige, leis, atá ag dul i méid. Cuid de shraith foilseachán is ea an foilseachán seo. Tugann an tsraith léargas ar obair an Aontais Eorpaigh i réimsí éagsúla beartais, ar na fáthanna a bhfuil an tAontas bainteach leis na réimsí sin agus ar thorthaí na hoibre sin.