EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32018R1860

Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le húsáid Córas Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh

PE/34/2018/REV/1

IO L 312, 7.12.2018, p. 1–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 03/08/2021

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1860/oj

7.12.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2018/1860 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Samhain 2018

maidir le húsáid Córas Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 79(2)(c) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Cuid ríthábhachtach de na hiarrachtaí cuimsitheacha chun dul i ngleic leis an imirce neamhrialta agus chun an ráta ag a bhfuil imircigh neamhrialta á bhfilleadh a mhéadú is ea náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí sna Ballstáit a fhilleadh agus lánurraim á tabhairt do na cearta bunúsacha agus go háirithe do phrionsabal an non-refoulement i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(2)

Tá sé riachtanach éifeachtacht chóras an Aontais a mhéadú chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh. Tá sé seo riachtanach chun iontaoibh an phobail a chothú i mbeartas imirce agus tearmainn an Aontais agus chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu.

(3)

Ba cheart do na Ballstáit na bearta go léir is gá a dhéanamh chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh ar bhealach éifeachtach agus comhréireach, i gcomhréir le forálacha Threoir 2008/115/CE.

(4)

Le Rialachán (AE) 2018/1861 (3) agus Rialachán (AE) 2018/1862 (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, leagtar síos na coinníollacha maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid.

(5)

Ba cheart córas a bhunú chun faisnéis a roinnt idir na Ballstáit a úsáideann SIS, de bhun Rialachán (AE) 2018/1861 a bhaineann le cinntí um fhilleadh arna n-eisiúint i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch na mBallstát agus chun faireachán a dhéanamh ar cé acu a d'fhág náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir na gcinntí sin an chríoch nó nár fhág.

(6)

Ní dhéantar difear leis an Rialachán seo do chearta ná d'oibleagáidí náisiúnach tríú tír a leagtar síos i dTreoir 2008/115/CE. Ní hionann foláireamh a iontráladh in SIS chun críche fillte, ann féin, agus cinneadh ar stádas náisiúnach tríú tír ar chríoch Ballstát, go háirithe i mBallstáit seachas an Ballstát a d'iontráil an foláireamh in SIS.

(7)

Ba cheart foláirimh maidir le filleadh a iontráladh in SIS agus malartú faisnéise forlíontaí faoi na foláirimh sin a bheith ina gcuidiú do na húdaráis inniúla na bearta is gá a dhéanamh chun cinntí um fhilleadh a fhorghníomhú. Ba cheart SIS a bheith ina chuidiú chun náisiúnaigh tríú tír is ábhar do chinneadh um fhilleadh den sórt sin a d'éalaigh agus a gabhadh i mBallstát eile a shainaithint, agus chun faisnéis a roinnt idir na Ballstáit maidir leis na náisiúnaigh tríú tír sin. Ba cheart go gcuideodh na bearta sin chun imirce neamhrialta agus gluaiseachtaí tánaisteacha a chosc agus a dhíspreagadh agus chun an comhar idir údaráis na mBallstát a fheabhsú.

(8)

Ba cheart do na Ballstáit foláirimh a iontráil in SIS maidir leis na cinntí um fhilleadh a eisíonn siad maidir le náisiúnaigh tríú tír a fhanann go neamhdhleathach, i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE, chun éifeachtacht an fhillte a áirithiú agus chun breisluach a ghabhann le foláirimh maidir le filleadh a mhéadú. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit foláireamh a iontráil in SIS freisin nuair a eisítear cinntí lena bhforchuirtear nó lena luaitear oibleagáid um fhilleadh sna cásanna a bhfuil cur síos orthu in Airteagal 2(2) den Treoir sin, eadhon i gcás náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir diúltú cead isteach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) nó náisiúnaigh tríú tír arna ngabháil nó arna stopadh ag údaráis inniúla i dtaca le trasnú neamhrialta teorann seachtraí Ballstáit, ar tír, ar muir nó san aer, agus nach bhfuil údarú nó ceart fanachta sa Bhallstát sin faighte acu ina dhiaidh sin, agus i gcás náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir a bhfillte mar smachtbhanna dlí choiriúil nó mar thoradh ar smachtbhanna dlí choiriúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó atá faoi réir nósanna imeachta eiseachadta. Féadfaidh na Ballstáit staonadh ó fholáirimh maidir le filleadh a iontráil in SIS i gcúinsí áirithe, nach bhfuil mórán baoil ann nach gcomhlíontar an cinneadh um fhilleadh, eadhon, le linn aon tréimhse coinneála nó nuair a eisítear an cinneadh um fhilleadh ag an teorainn sheachtrach agus go bhforghníomhaítear é láithreach, chun gur lúide a n-ualach riaracháin.

(9)

Ba cheart na rialacha coitianta chun foláirimh maidir le filleadh a iontráil in SIS. Ba cheart foláirimh maidir le filleadh a iontráil in SIS chomh luath agus a eisítear na cinntí bunúsacha um fhilleadh. Is ceart a thabhairt le fios san fholáireamh sin cé acu a deonaíodh nó nár deonaíodh tréimhse inar féidir leis an náisiúnach tríú tír imeacht dá dheoin nó dá deoin féin, lena n-áirítear má cuireadh síneadh leis an tréimhse sin nó má cuireadh an cinneadh ar fionraí nó má cuireadh aistriú an duine sin ar athló.

(10)

Ní mór na catagóirí sonraí ar féidir a bheith i bhfoláireamh a iontráiltear in SIS a chinneadh i ndáil le náisiúnach tríú tír atá faoi réir cinneadh um fhilleadh. Ba cheart nach mbeadh i bhfoláirimh maidir le filleadh ach na sonraí sin is gá chun na daoine is ábhar do na sonraí a shainaithint chun gur féidir leis na húdaráis inniúla cinntí eolasacha a dhéanamh gan am a chailleadh agus chun a áirithiú, nuair is gá, go gcosnaítear na húdaráis sin ar dhaoine atá, mar shampla, armáilte, foréigneach, a d'éalaigh nó atá bainteach le gníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 14 i dTreoir (AE) 2017/451 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Ina theannta sin, ba cheart go n-áireofaí san fholáireamh freisin tagairt do dhoiciméad aitheantais an duine lena mbaineann agus cóip den doiciméad sin, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, chun sainaithint a éascú agus chun iliomad céannachtaí a bhrath.

(11)

Ó tharla a iontaofa a bhíonn méarloirg, grianghraif, nó íomhánna den aghaidh chun daoine a shainaithint, is ceart iad seo a chur isteach i gcónaí leis an bhfoláireamh maidir le filleadh. Ó tharla go bhféadfadh sé nach mbeadh a leithéid ar fáil, mar shampla, agus cinneadh um fhilleadh á ghlacadh in absentia, is ceart an cead a bheith ann imeacht ón gceanglas sin ar bhonn eisceachtúil sna cásanna sin.

(12)

Is trí líonra na n-oifigí náisiúnta ar a dtugtar Biúrónna SIRENE agus iad ag feidhmiú mar phointe teagmhála, agus i gcomhréir le hAirteagal 7 agus Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2018/1861, is ceart faisnéis fhorlíontach faoi náisúnaigh triú tír atá faoi réir foláirimh, a chuireann na húdaráis náisiúnta inniúla ar fáil, a mhalartú i gcónaí.

(13)

Ba cheart nósanna imeachta a bhunú chun a chur ar cumas na mBallstát a fhíorú go bhfuil an oibleagáid um fhilleadh comhlíonta agus chun imeacht an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann chuig an mBallstát a chuir isteach an foláireamh maidir le filleadh in SIS a dheimhniú. Ba cheart go gcuideodh an fhaisnéis sin chun faireacháin cuimsitheach a dhéanamh ar chomhlíonadh cinntí um fhilleadh.

(14)

Is ceart foláirimh maidir le filleadh a scriosadh ach a bhfaigheann an Ballstát nó údarás inniúil eisithe an deimhniú go bhfuiltear tar éis an duine a fhilleadh nó i gcás ina mbíonn faisnéis leordhóthanach dhiongbháilte ag an údarás inniúil go bhfuil an náisiúnach tríú tír dealaithe de chríoch an Bhallstáit. I gcás ina ndéantar cinneadh um fhilleadh i gcomhar le toirmeasc ar theacht isteach, ba cheart foláireamh maidir le teacht isteach nó fanacht a dhiúltú a iontráil in SIS i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1861. I gcásanna den sórt sin ba cheart do na Ballstáit na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú nach mbíonn aon bhearna ama ann idir an nóiméad a fhágann an náisiúnach tríú tír limistéar Schengen agus gníomhachtú an fholáirimh in SIS maidir le teacht isteach nó fanacht a dhiúltú. Má léirítear leis na sonraí atá in SIS go ngabhfaidh toirmeasc ar theacht isteach leis an gcinneadh um fhilleadh, ba cheart infhorghníomhaitheacht an toirmisc sin ar theacht isteach a áirithiú.

(15)

Ba cheart go mbeadh sásra in SIS chun fógra a thabhairt do na Ballstáit faoi neamhchomhlíonadh náisiúnach tríú tír leis an oibleagáid um fhilleadh laistigh de thréimhse ar leith atá leagtha síos le haghaidh imeacht deonach. Ba cheart go dtacódh an sásra leis na Ballstáit a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le cinntí um fhilleadh a fhorfheidhmiú, mar aon lena n-oibleagáid toirmeasc ar theacht isteach a eisiúint i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE a chomhlíonadh maidir le náisiúnaigh tríú tír nár chomhlíon an oibleagáid um fhilleadh.

(16)

Ba cheart go gcuirfí ar bun leis an Rialachán seo rialacha éigeantacha maidir leis na Ballstáit dul i gcomhairle le chéile chun treoracha a d'fhéadfadh a bheith ag teacht salach ar a chéile a sheachaint nó a réiteach. Ba cheart comhairliúcháin a dhéanamh i gcás ina bhfuil náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cead cónaithe bailí nó víosa bhailí fadfhanachta acu, nó a bhfuil Ballstát chun ceann acu sin a thabhairt dóibh, faoi réir foláireamh maidir le filleadh arna eisiúint ag Ballstát eile, go háirithe más rud é go mbeidh cosc iontrála ag gabháil leis an gcinneadh um fhilleadh, nó i gcásanna ina bhféadfaidh cásanna contrártha teacht chun cinn ar dhul isteach ar chríocha na mBallstát.

(17)

Níor cheart foláirimh a choinneáil in SIS ach amháin don am atá ag teastáil chun na críocha dár iontráladh iad a chomhlíonadh. Ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha ábhartha de Rialachán (AE) 2018/1861 maidir le tréimhsí athbhreithnithe. Ba cheart foláirimh um fhilleadh a scriosadh go huathoibríoch a luaithe a rachaidh siad in éag, i gcomhréir leis an nós imeachta athbhreithniúcháin dá dtagraítear sa Rialachán sin.

(18)

Níor cheart sonraí pearsanta a fhaigheann Ballstát de bhun an Rialacháin seo a aistriú chuig aon tríú tír ná a chur ar fáil d'aon tríú tír. Mar mhaolú ar an riail sin, ba cheart go bhféadfaí na sonraí pearsanta sin a aistriú chuig tríú tír i gcás ina mbeidh an t-aistriú sin faoi réir coinníollacha dochta agus ina mbeidh gá leis i gcásanna aonair d'fhonn cuidiú chun náisiúnach tríú tír a shainaithint chun críocha an náisiúnach sin a fhilleadh. Ba cheart an t-aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tíortha a chur i gcrích i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus ba cheart é a dhéanamh le comhaontú an Bhallstáit eisiúna. Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, na tríú tíortha a mbeifear ag filleadh orthu, is minic nach mbíonn siad faoi réir cinntí leordhóthanachta arna nglacadh ag an gCoimisiún faoi Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2016/679. Ina theannta sin, cé go ndearna an tAontas an-iarracht maidir le comhar leis na príomhthíortha tionscnaimh de chuid náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir oibleagáid maidir le filleadh, ní rabhthas in ann a áirithiú go gcomhlíonann na tríú tíortha sin, go córasach, an oibleagáid a bunaíodh faoin dlí idirnáisiúnta a gcuid náisiúnach féin a athligean isteach. Le comhaontuithe um athligean isteach a thug an tAontas nó na Ballstáit i gcrích nó atá á gcaibidliú aige nó acu agus lena bhforáiltear do choimircí iomchuí maidir le sonraí a aistriú chuig tríú tíortha de bhun Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2016/679, cumhdaítear líon teoranta de na tríú tíortha sin.

Ní fios fós an dtabharfar comhaontú nua i gcrích. Sna himthosca sin, agus mar eisceacht ar an gceanglas maidir le cinneadh leordhóthanachta nó coimircí iomchuí, ba cheart aistriú sonraí pearsanta, chuig údaráis tríú tíortha de bhun an Rialacháin seo, a cheadú chun críocha beartas an Aontais um fhilleadh a chur chun feidhme. Ba cheart go bhféadfaí leas a bhaint as an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2016/679, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin. Faoi Airteagal 57 den Rialachán sin ba cheart cur chun feidhme an Rialacháin sin, lena n-áirítear maidir le haistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha de bhun an Rialacháin seo, a bheith faoi réir faireachán ó údaráis mhaoirseachta neamhspleácha.

(19)

D'fhéadfadh sé nach iad na húdaráis náisiúnta chéanna atá freagrach as filleadh i mBallstáit éagsúla, agus d'fhéadfadh sé go mbeadh siad éagsúil laistigh den Bhallstát féin, ag brath ar na cúiseanna leis an bhfanacht neamhdhleathach. Féadfaidh údaráis bhreithiúnacha cinntí um fhilleadh a eisiúint freisin, mar shampla, mar thoradh ar achomhairc i gcoinne diúltú údarú nó ceart fanachta a thabhairt, nó mar smachtbhanna coiriúil. Ba cheart go mbeadh na húdaráis náisiúnta go léir atá i gceannas ar chinntí um fhilleadh a eisiúint agus a fhorghníomhú i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE i dteideal rochtain ar SIS chun foláirimh maidir le filleadh a iontráil, a nuashonrú, a scriosadh agus a chuardach.

(20)

Ba cheart rochtain ar fholáirimh maidir le filleadh a thabhairt d'údaráis náisiúnta inniúla dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2018/1861 chun críche náisiúnaigh tríú tír a shainaithint agus a fhilleadh.

(21)

Déantar foráil le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) go dtacaíonn agus go neartaíonn Europol gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag údaráis náisiúnta inniúla, agus go dtacaíonn agus go neartaíonn Europol a gcomhar i dtaca le sceimhlitheoireacht agus coireacht thromchúiseach a chomhrac agus go soláthraíonn Europol anailís agus measúnuithe ar bhagairtí a dhéanamh. Chun cuidiú le Europol a thascanna a dhéanamh, go háirithe laistigh den Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach, is iomchuí cead rochtana a thabhairt do Europol ar an gcatagóir foláireamh dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(22)

Le Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), foráiltear, chun críche an Rialacháin sin, go n-údaróidh an Ballstát óstach do na baill foirne dá dtagraítear i bpointe (8) d'Airteagal 2 den Rialachán sin, arna n-imscaradh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, breathnú ar bhunachair sonraí de chuid an Aontais i gcás ina bhfuil gá leis an mbreathnú sin chun aidhmeanna oibriúcháin a chomhlíonadh a sonraíodh sa phlean oibríochta maidir le seiceálacha teorann, faireachas ar theorainneacha agus filleadh. Beidh sé mar chuspóir le himscaradh na bhfoirne dá dtagraítear i bpointe (8) agus pointe (9) d'Airteagal 2 den Rialachán sin foráil a dhéanamh maidir le hathneartú teicniúil agus oibríochtúil do na Ballstáit iarrthacha, go háirithe dó na Ballstáit sin a bhfuil dúshláin dhíréireacha imirce rompu. Chun na cúraimí a chomhlíonadh a shanntar do na foirne dá dtagraítear i bpointe (8) agus pointe (9) d'Airteagal 2 den Rialachán sin, is gá rochtain a fháil in SIS ar fholáirimh um fhilleadh trí chomhéadan teicniúil de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta a nascann le SIS Láir.

(23)

Na forálacha maidir le freagrachtaí na mBallstát agus Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Bhainistiú Oibríochtúil ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais arna bhunú le Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) (“eu-LISA”), le hiontráil agus próiseáil foláireamh, coinníollacha rochtana agus coimeád foláireamh, próiseáil sonraí, cosaint sonraí, dliteanas agus faireachán agus staitisticí i Rialachán (AE) 2018/1861, ba cheart feidhm a bheith leo freisin maidir le sonraí atá in SIS agus arna bpróiseáil in SIS i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(24)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon córas a bhunú chun faisnéis a roinnt faoi chinntí um fhilleadh arna n-eisiúint ag na Ballstáit i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE ag na Ballstáit d'fhonn forghníomhú na gcinntí a éascú agus chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach lena n-oibleagáid um fhilleadh, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(25)

Urramaítear sa Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha.

(26)

Beidh cur chun feidhme an Rialacháin seo gan dochar do na hoibleagáidí a eascraíonn as Coinbhinsiún na Ginéive a bhaineann le stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951, arna fhorlíonadh le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967.

(27)

Is ceart do na Ballstáit an Rialachán seo a chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do na cearta bunúsacha, lena n-áirítear an urraim do phrionsabal an non-refoulement, agus a chur san áireamh i gcónaí leas an linbh, saol an teaghlaigh, agus staid na sláinte ag an té a bhíonn i gceist, nó staid leochaileachta an duine sin.

(28)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an CAE agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(29)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle (11); dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ná níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(30)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar na forálacha sin de chuid acquis Schengen nach bhfuil Éire páirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE (12); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(31)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (13), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe C d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (14).

(32)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (15) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe C d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (16).

(33)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (17), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe C d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (18).

(34)

Maidir leis an mBulgáir agus leis an Rómáin, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 4(2) d'Ionstraim Aontachais 2005, agus ba cheart é a léamh i dteannta Chinneadh 2010/365/AE ón gComhairle (19) agus Chinneadh (AE) 2018/934 ón gComhairle (20).

(35)

Maidir leis an gCróit, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 4(2) d'Ionstraim Aontachais 2011 agus ba cheart an é a léamh i gcomhar le Cinneadh (AE) 2017/733 ón gComhairle. (21)

(36)

Maidir leis an gCipir, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(2) d'Ionstraim Aontachais 2003.

(37)

Chuathas i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) agus thug sé tuairim uaidh an 3 Bealtaine 2017,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leis an Rialachán seo, leagtar síos na coinníollacha agus na nósanna imeachta ar foláirimh i ndáil le náisiúnaigh tríú tír iad atá faoi réir cinntí um fhilleadh arna n-eisiúint ag na Ballstáit i gCóras Faisnéise Schengen (SIS), a bhunaítear le Rialachán (AE) 2018/1861 é, agus chomh maith leis sin, maidir le faisnéis fhorlíontach a mhalartú faoi na foláirimh sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “filleadh” filleadh mar a shainmhínítear i bpointe (3) d'Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE;

(2)

ciallaíonn “náisiúnach tríú tír” náisiúnach tríú tír mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE;

(3)

ciallaíonn “cinneadh um fhilleadh” cinneadh nó gníomh riaracháin nó breithiúnach ina luaitear nó ina ndearbhaítear fanacht náisiúnaigh tríú tír a bheith neamhdhleathach agus lena bhforchuirtear nó lena luaitear oibleagáid um fhilleadh lena n-urramaítear Treoir 2008/115/CE;

(4)

ciallaíonn “foláireamh” foláireamh mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1861;

(5)

ciallaíonn “faisnéis fhorlíontach” faisnéis fhorlíontach mar a shainmhínítear i bpointe (2) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1861;

(6)

ciallaíonn “aistriú” aistriú mar a shainmhínítear i bpointe (5) d'Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE;

(7)

ciallaíonn “imeacht deonach”' imeacht deonach mar a shainmhínítear i bpointe (8) d'Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE;

(8)

ciallaíonn “Ballstát eisiúna” Ballstát eisiúna mar a shainmhínítear i bpointe (10) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1861;

(9)

ciallaíonn “Ballstát deonaithe” Ballstát deonaithe mar a shainmhínítear i bpointe (11) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1861;

(10)

ciallaíonn “Ballstát forghníomhaitheach” Ballstát forghníomhaitheach mar a shainmhínítear i bpointe (12) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1861;

(11)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” sonraí pearsanta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679;

(12)

ciallaíonn “CS-SIS” feidhm tacaíochta teicniúla SIS Láir dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2018/1861;

(13)

ciallaíonn “cead cónaithe” cead cónaithe dá dtagraítear i bpointe (16) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/399;

(14)

ciallaíonn “víosa fadfhanachta” víosa fadfhanachta dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de Choinbhinsiún an 19 Meitheamh 1990 chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile (23) a chur chun feidhme;

(15)

ciallaíonn “amas” amas mar a shainmhínítear i bpointe (8) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1861;

(16)

ciallaíonn “baol don tsláinte phoiblí” baol don tsláinte phoiblí mar a shainmhínítear i bpointe (21) d'Airteagal 2 i Rialachán (AE) 2016/399;

(17)

ciallaíonn “teorainneacha seachtracha” na teorainneacha seachtracha mar a shainmhínítear i bpointe (2) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399.

Airteagal 3

Foláirimh maidir le filleadh a iontráil in SIS

1.   Iontrálfaidh Ballstáit foláirimh in SIS maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir cinneadh um fhilleadh chun comhlíonadh na hoibleagáide um fhilleadh a fhíorú agus chun tacú le forghníomhú na gcinntí um fhilleadh. Iontrálfar foláireamh maidir le filleadh in SIS gan mhoill nuair a eiseofar an cinneadh um fhilleadh.

2.   Féadfaidh Ballstáit staonadh ó fholáirimh maidir le filleadh a iontráil i gcás ina mbaineann na cinntí um fhilleadh le náisiúnaigh tríú tír atá á gcoinneáil agus iad ag fanacht le bheith aistrithe. I gcás ina scaoiltear na náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann ón gcoinneáil gan iad a bheith aistrithe, iontrálfar foláireamh maidir le filleadh in SIS gan mhoill.

3.   Féadfaidh Ballstáit staonadh ó fholáirimh maidir le filleadh a iontráil i gcás ina n-eisítear an cinneadh um fhilleadh ag teorainn sheachtrach Ballstáit agus ina bhforghníomhaítear é láithreach.

4.   Déanfar an tréimhse don imeacht deonach a cheadaítear i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2008/115/CE a thaifeadadh láithreach san fholáireamh maidir le filleadh. Aon síneadh a chuirfear leis an tréimhse sin, déanfar é a thaifeadadh san fholáireamh gan mhoill.

5.   I dtaca le forfheidhmiú an chinnidh um fhilleadh a chur ar fionraí nó ar athló (lena n-áirítear mar gur cuireadh isteach achomharc), déanfar é sin a thaifeadadh láithreach san fholáireamh maidir le filleadh.

Airteagal 4

Catagóirí sonraí

1.   Ní bheidh san fholáireamh maidir le filleadh arna n-iontráil in SIS i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo ach na sonraí seo a leanas:

(a)

sloinnte;

(b)

céadainmneacha;

(c)

ainmneacha tráth breithe;

(d)

ainmneacha agus ailiasanna a úsáideadh roimhe sin;

(e)

áit bhreithe;

(f)

dáta breithe;

(g)

inscne;

(h)

náisiúntacht, agus más ann dóibh, aon náisiúntachtaí eile;

(i)

an bhfuil an méid a leanas fíor i gcás an duine lena mbaineann:

(i)

tá an duine armtha;

(ii)

is duine foréigneach é;

(iii)

theith sé nó d'éalaigh sé;

(iv)

tá an baol ann go gcuirfidh sé lámh ina bhás féin;

(v)

is baol é don tsláinte phoiblí; nó

(vi)

tá an duine páirteach i ngníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 14 de Threoir (AE) 2017/541;

(j)

cúis an fholáirimh;

(k)

an t-údarás a chruthaigh an foláireamh;

(l)

tagairt don chinneadh is cúis leis an bhfoláireamh;

(m)

an beart atá le déanamh i gcás amas;

(n)

naisc le foláirimh eile de bhun Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2018/1861;

(o)

an maidir le náisiúnach tríú tír ar bagairt é don tslándáil phoiblí, don tslándáil phoiblí nó don tslándáil náisiúnta atá an cinneadh um fhilleadh á eisiúint;

(p)

cineál an chiona;

(q)

catagóir dhoiciméad aitheantais an duine;

(r)

tír eisiúna dhoiciméad aitheantais an duine;

(s)

uimhir(uimhreacha) dhoiciméad aitheantais an duine;

(t)

dáta eisiúna dhoiciméad aitheantais an duine;

(u)

grianghraif agus íomhánna d'aghaidh;

(v)

sonraí dachtalascópacha;

(w)

cóip de dhoiciméad aitheantais an duine, daite más féidir;

(x)

dáta deiridh na tréimhse ina gceadaítear imeacht deonach, más rud é go gceadaítear sin;

(y)

an ndearnadh an cinneadh um fhilleadh a chur ar fionraí nó an ndearnadh forfheidhmiú an chinnidh sin a chur ar athló, lena n-áirítear mar gur cuireadh isteach achomharc;

(z)

an bhfuil toirmeasc ar theacht isteach ag gabháil leis an gcinneadh um fhilleadh arb é an bunús le haghaidh foláireamh maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú de bhun phointe (b) d'Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) 2018/1861.

2.   Is iad na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a), (f), (j), (l), (m), (x) agus (z) de mhír 1 an t-íostacar sonraí a bheidh de dhíth chun foláireamh a chur isteach in SIS. Cuirfear in SIS freisin na sonraí eile dá dtagraítear sa mhír sin ach iad a bheith ar fáil.

3.   I dtaca leis na sonraí dachtalascópacha dá dtagraítear i bpointe (v) de mhír 1, is ceadmhach:

(a)

idir 1 go 10 de mhéarloirg a thógfar ón náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann agus a lámh ar leathadh agus an líon céanna de mhéarloirg rollta a áireamh sna sonraí sin;

(b)

i gcás náisiúnaigh tríú tír ar dodhéanta a méarloirg a ghlacadh, is ceadmhach suas le dhá lorg dearnan a ghlacadh uathu;

(c)

i gcás náisiúnaigh tríú tír atá le filleadh mar phionós faoin dlí coiriúil nó a bhfuil cion coiriúil déanta acu ar chríoch an Bhallstáit a d'eisigh an cinneadh um fhilleadh, is ceadmhach suas le dhá lorg dearnan a ghlacadh uathu.

Airteagal 5

An t-údarás atá freagrach as faisnéis fhorlíontach a mhalartú

Áiritheoidh Biúró SIRENE a ainmnítear faoi Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/1861 go ndéanfar an fhaisnéis fhorlíontach uile, a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir foláirimh maidir le filleadh i gcomhréir le hAirteagal 7 agus Airteagal 8 den Rialachán sin, a mhalartú.

Airteagal 6

Amais ar imeacht ag na teorainneacha seachtracha — Deimhniú um fhilleadh

1.   I gcás amas ar fholáireamh maidir le filleadh a bhaineann le náisiúnach tríú tír a bhfuil críoch na mBallstát á fágáil aige trí theorainn sheachtrach Ballstáit, cuirfidh an Ballstát forghníomhaitheach an fhaisnéis a leanas in iúl don Bhallstát eisiúna, trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú:

(a)

gur sainaithníodh an náisiúnach tríú tír;

(b)

áit agus am na seiceála;

(c)

gur fhág an náisiúnach tríú tír críoch na mBallstát;

(d)

go ndearnadh an náisiúnach tríú tír a aistriú, más amhlaidh an cás.

I gcás ina bhfágann náisiúnach tríú tír, atá faoi réir foláireamh maidir le filleadh, críoch na mBallstát, thar theorainn sheachtrach an Bhallstáit eisiúna, cuirfear an deimhniú um fhilleadh chuig údarás inniúil an Bhallstáit sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta.

2.   Scriosfaidh an Ballstát eisiúna an foláireamh maidir le filleadh gan mhoill tar éis an deimhniú um fhilleadh a fháil. I gcás inarb iomchuí, iontráilfear foláireamh maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú gan mhoill de bhun phointe (b) d'Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) 2018/1861.

3.   Soláthróidh na Ballstáit staitisticí ar bhonn ráithiúil do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Bhainistiú Oibríochtúil ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (“eu-LISA”) i dtaca le líon na gcásanna deimhnithe fillte agus i dtaca le líon na gcásanna sin inar aistríodh náisiúnach tríú tír. Déanfaidh eu-LISA staitisticí ráithiúla a thiomsú sa tuarascáil bhliantúil staidrimh dá dtagraítear in Airteagal 16 den Rialachán seo. Ní bheidh sonraí pearsanta sna staitisticí.

Airteagal 7

Neamhchomhlíonadh cinntí um fhilleadh

1.   Tabharfaidh CS-SIS fógra go huathoibríoch do na Ballstáit eisiúna ar dhul in éag an tréimhse don imeacht deonach i bhfoláirimh maidir le filleadh, (áirítear freisin aon síneadh a d'fhéadfaí a chur leis an tréimhse sin).

2.   Gan dochar don nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 6(1), Airteagal 8 agus Airteagal 12, i gcás amas ar fholáireamh maidir le filleadh, rachaidh an Ballstát forghníomhaitheach i dteagmháil láithreach leis an mBallstát eisiúna trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú chun cinneadh a dhéanamh faoi na bearta nach mór a ghlacadh.

Airteagal 8

Amais ag na teorainneacha seachtracha ar theacht isteach

I gcás amas ar fholáireamh maidir le filleadh a bhaineann le náisiúnach tríú tír a thagann isteach ar chríoch na mBallstát trí na teorainneacha seachtracha, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

i gcás ina mbeidh toirmeasc ar theacht isteach ag gabháil leis an gcinneadh um fhilleadh, cuirfidh an Ballstát forghníomhaitheach sin in iúl don Bhallstát eisiúna láithreach, trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú. Scriosfaidh an Ballstát eisiúna láithreach an foláireamh maidir le filleadh agus eiseoidh sé foláireamh maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú de bhun phointe (b) d'Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) 2018/1861;

(b)

i gcás nach mbeidh toirmeasc ar theacht isteach ag gabháil leis an gcinneadh um fhilleadh, cuirfidh an Ballstát forghníomhaitheach sin in iúl láithreach don Bhallstát eisiúna, trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú, chun go bhféadfaidh an Ballstát eisiúna an foláireamh maidir le filleadh a scriosadh gan mhoill.

Is é an Ballstát forghníomhaitheach a dhéanfaidh an cinneadh, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399, maidir le teacht isteach an náisiúnaigh tríú tír.

Airteagal 9

Réamhchomhairliúchán sula ndéantar cead cónaithe nó víosa fadfhanachta a dheonú nó a shíneadh

1.   I gcás ina bhfuil breithniú á dhéanamh ag Ballstát i dtaobh cead cónaithe nó víosa fadfhanachta a dheonú nó a shíneadh i gcás náisiúnach tríú tír is ábhar d'fholáireamh maidir le filleadh, lena ngabhann toirmeasc ar theacht isteach, arna iontráil ag Ballstát eile, rachaidh na Ballstáit a bheidh i gceist i gcomhairle le chéile, trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú, i gcomhréir le na rialacha seo a leanas:

(a)

rachaidh an Ballstát deonaithe i gcomhairle leis an mBallstát eisiúna sula ndéantar an cead cónaithe nó an víosa fadfhanachta a dheonú nó a shíneadh;

(b)

tabharfaidh an Ballstát eisiúna freagra ar an iarraidh ar chomhairliúchán tráth nach déanaí ná 10 lá dá éis;

(c)

mura bhfaighfear freagra faoin spriocdháta dá dtagraítear i bpointe (b), ciallóidh sé sin nach gcuireann an Ballstát eisiúna in aghaidh dheonú nó shíneadh an cheada cónaithe nó na víosa fadfhanachta;

(d)

agus an cinneadh ábhartha á dhéanamh aige, cuirfidh an Ballstát deonaithe san áireamh na cúiseanna atá leis an gcinneadh a rinne an Ballstát eisiúna, agus déanfaidh sé a mheas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar aon bhagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil phoiblí a d'eascródh as an náisiúnach tríú tír sin a bheith ar chríoch na mBallstát;

(e)

cuirfidh an Ballstát deonaithe an Ballstát eisiúna ar an eolas faoina chinneadh; agus

(f)

i gcás ina dtabharfaidh an Ballstát deonaithe fógra don Bhallstát eisiúna go bhfuil rún aige an cead cónaithe nó an víosa fadfhanachta a dheonú nó a shíneadh, nó go bhfuil cinnte aige sin a dhéanamh, déanfaidh an Ballstát eisiúna an foláireamh maidir le filleadh a scriosadh.

Is faoin mBallstát deonaithe a fhágfar an cinneadh deiridh maidir le cead cónaithe nó víosa fadfhanachta a dheonú do náisiúnach tríú tír.

2.   I gcás ina bhfuil breithniú á dhéanamh ag Ballstát i dtaobh cead cónaithe nó víosa fadfhanachta a dheonú nó a shíneadh i gcás náisiúnach tríú tír is ábhar d'fholáireamh maidir le filleadh, arna iontráil ag Ballstát eile agus nach bhfuil toirmeasc ar theacht isteach ag gabháil leis, tabharfaidh an Ballstát deonaithe fógra gan mhoill don Bhallstát eisiúna go bhfuil sé i gceist aige cead cónaithe nó víosa fadfhanachta a dheonú nó go bhfuil sin deonaithe cheana féin aige. Scriosfaidh an Ballstát eisiúna an foláireamh maidir le filleadh gan mhoill.

Airteagal 10

Réamhchomhairliúchán sula n-iontráiltear foláireamh maidir le filleadh

I gcás inar eisigh Ballstát cinneadh um fhilleadh i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Threoir 2008/115/CE agus ina bhfuil sé ag smaoineamh ar fholáireamh maidir le filleadh a iontráil do náisiúnach tríú tír a bhfuil cead cónaithe bailí nó víosa bhailí fadfhanachta aige, a dheonaigh Ballstát eile, rachaidh na Ballstáit lena mbaineann i gcomhairle le chéile trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

(a)

cuirfidh an Ballstát a rinne an cinneadh um fhilleadh an Ballstát deonaithe ar an eolas faoin gcinneadh;

(b)

beidh mionsonraí leordhóthanacha faoi na cúiseanna atá leis an gcinneadh san áireamh sa mhalartú faisnéise faoi phointe (a);

(c)

ar bhonn na faisnéise a chuirfidh an Ballstát a rinne an cinneadh um fhilleadh, déanfaidh an Ballstát deonaithe a mheas cé acu atá nó nach bhfuil cúiseanna ann chun an cead cónaithe nó an víosa fadfhanachta a tharraingt siar;

(d)

agus an cinneadh ábhartha á dhéanamh, cuirfidh an Ballstát deonaithe san áireamh na cúiseanna atá le cinneadh an Bhallstáit a rinne an cinneadh um fhilleadh agus déanfaidh sé a mheas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar aon bhagairt don bheartas poiblí nó don tslándáil phoiblí a d'eascródh as an náisiúnach tríú tír sin a bheith ar chríoch na mBallstát;

(e)

laistigh de 14 lá féilire ó fuarthas an iarraidh ar chomhairliúchán, cuirfidh an Ballstát deonaithe an Ballstát a rinne an cinneadh um fhilleadh ar an eolas faoina chinneadh nó i gcás nárbh fhéidir leis an mBallstát deonaithe cinneadh a dhéanamh laistigh den tréimhse sin, déanfaidh an Ballstát, ar bhonn eisceachtúil, iarraidh réasúnaithe ar shíneadh a chur leis an tréimhse ama ina dtabharfar freagra darb uasfhad 12 lá eile a chur leis an tréimhse sin;

(f)

i gcás ina dtabharfaidh an Ballstát deonaithe fógra don Bhallstát a rinne an cinneadh um fhilleadh go bhfuil an cead cónaithe nó an víosa fadfhanachta á choinneáil nó á coinneáil ar bun aige, ní chuirfidh an Ballstát a ghlac an cinneadh um fhilleadh foláireamh maidir le filleadh isteach.

Airteagal 11

Comhairliúchán a posteriori tar éis foláireamh maidir le filleadh a iontráil

I gcás ina dtagann sé chun cinn gur iontráil Ballstát foláireamh maidir le filleadh do náisiúnach tríú tír atá ina shealbhóir nó ina sealbhóir ar chead cónaithe bailí nó ar víosa bhailí fadfhanachta, arna dheonú nó arna deonú ag Ballstát eile, féadfaidh an Ballstát eisiúna cinneadh a dhéanamh an cinneadh um fhilleadh a tharraingt siar. I gcás tarraingt siar den chineál sin, scriosfaidh sé an foláireamh maidir le filleadh láithreach. Ach i gcás ina gcinneann an Ballstát eisiúna an cinneadh um fhilleadh a eisíodh i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Threoir 2008/115/CE a choinneáil ar bun, rachaidh na Ballstáit lena mbaineann i gcomhairle le chéile trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú de réir na rialacha seo a leanas:

(a)

cuirfidh an Ballstát eisiúna an Ballstát deonaithe ar an eolas faoin gcinneadh um fhilleadh;

(b)

beidh mionsonraí leordhóthanacha faoi na cúiseanna atá leis an bhfoláireamh maidir le filleadh san áireamh sa mhalartú faisnéise faoi phointe (a);

(c)

ar bhonn na faisnéise a chuirfidh an Ballstát eisiúna ar fáil, déanfaidh an Ballstát deonaithe a mheas cé acu atá nó nach bhfuil cúiseanna ann chun an cead cónaithe nó an víosa fadfhanachta a tharraingt siar;

(d)

agus a chinneadh á dhéanamh aige, cuirfidh an Ballstát deonaithe san áireamh na cúiseanna atá leis an gcinneadh a rinne an Ballstát eisiúna, agus déanfaidh sé a mheas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar aon bhagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil phoiblí a d'eascródh as an náisiúnach tríú tír sin a bheith ar chríoch na mBallstát;

(e)

laistigh de 14 lá féilire ó fuarthas an iarraidh ar chomhairliúchán, cuirfidh an Ballstát deonaithe an Ballstát eisiúna ar an eolas faoina chinneadh nó i gcás nárbh fhéidir leis an mBallstát deonaithe cinneadh a dhéanamh laistigh den tréimhse sin, déanfaidh an Ballstát, ar bhonn eisceachtúil, iarraidh réasúnaithe ar shíneadh a chur leis an tréimhse ama ina dtabharfar freagra darb uasfhad 12 lá eile a chur leis an tréimhse sin;

(f)

i gcás ina dtabharfaidh an Ballstát deonaithe fógra don Bhallstát eisiúna go bhfuil an cead cónaithe nó an víosa fadfhanachta á choinneáil nó á coinneáil ar bun aige, déanfaidh an Ballstát eisiúna an foláireamh maidir le filleadh a scriosadh láithreach.

Airteagal 12

Comhairliúcháin i gcás amas i dtaca le náisiúnach tríú tír ag a bhfuil cead bailí cónaithe nó víosa bhailí fadfhanachta

I gcás ina gcastar amas ar Bhallstát ar fholáireamh maidir le filleadh arna iontráil ag Ballstát eile maidir le náisiúnach tríú tír ag a bhfuil cead bailí cónaithe nó víosa bhailí fadfhanachta arna dheonú nó arna deonú ag Ballstát eile, rachaidh na Ballstáit lena mbaineann i gcomhairle le chéile trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

(a)

cuirfidh an Ballstát forghníomhaitheach an Ballstát eisiúna ar an eolas faoin gcás;

(b)

cuirfidh an Ballstát eisiúna tús leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 11;

(c)

tabharfaidh an Ballstát eisiúna fógra don Bhallstát forghníomhaitheach faoin toradh tar éis an chomhairliúcháin.

Airteagal 13

Staitisticí maidir le malartú faisnéise

Cuirfidh na Ballstáit staidreamh ar fáil do eu-LISA go bliantúil faoi na malartuithe faisnéise a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 8 go Airteagal 12 agus faoi gach uair nár cloíodh le spriocdháta dá bhforáiltear sna hAirteagail sin.

Airteagal 14

Foláirimh a scriosadh

1.   Anuas ar Airteagal 6 agus Airteagal 8 go hAirteagal 12, scriosfar foláirimh maidir le filleadh ach a dtarraingeoidh an t-údarás inniúil siar an cinneadh a raibh an foláireamh iontráilte dá bhun nó ach a gcuirfidh sé ar neamhní é. Scriosfar na foláirimh maidir le filleadh freisin nuair is féidir leis an náisiúnach tríú tír lena mbaineann a thaispeáint go bhfuil críoch na mBallstát fágtha aige nó aici i gcomhréir leis an gcinneadh ábhartha um fhilleadh.

2.   Scriosfar foláirimh maidir le filleadh maidir le duine a bhfuil saoránacht Ballstáit nó Stáit ar bith aige a bhfuil a náisiúnaigh ina dtairbhithe den cheart chun saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais chomh luath agus a bhíonn an Ballstát eisiúna ar an eolas, nó a chuirfear ar an eolas é de bhun Airteagal 44 de Rialachán (AE) 2018/1861, go bhfuil an tsaoránacht sin faighte ag an duine lena mbaineann.

Airteagal 15

Sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha chun críche filleadh

1.   De mhaolú ar Airteagal 50 de Rialachán (AE) 2018/1861, féadfar na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (d), (e), (f), (g), (h), (q), (r), (s), (t), (u), (v) agus (w) d'Airteagal 4(1) den Rialachán seo agus an fhaisnéis fhorlíontach ghaolmhar a aistriú nó a chur ar fáil do thríú tír le toiliú an Bhallstáit eisiúna.

2.   Is i gcomhréir le forálacha ábhartha dhlí an Aontais a dhéanfar aistriú na sonraí sin chuig an tríú tír, go háirithe le forálacha maidir le cosaint sonraí pearsanta, lena n-áirítear Caibidil V de Rialachán (AE) 2016/679, agus, i gcás inarb infheidhme, comhaontuithe um athligean isteach, agus le dlí náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil na sonraí á n-aistriú aige.

3.   Ní dhéanfar sonraí a aistriú chuig an tríú tír ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is chun náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach agus atá le filleadh a shainaithint, agus chun doiciméad aitheantais nó taistil a eisiúint ina leith, agus chun na gcríoch sin amháin, a aistreofar nó a chuirfear ar fáil na sonraí sin;

(b)

tugadh fógra don náisiúnach tríú tír lena mbaineann go bhféadfadh sé go roinnfí a chuid sonraí pearsanta nó a cuid sonraí pearsanta agus faisnéis fhorlíontach a bhaineann leis nó léi le húdaráis tríú tír.

4.   Gach aistriú sonraí a dhéanfar de bhun an Airteagail seo chuig an tríú tír, beidh sé gan dochar dá gceart siúd a dhéanfaidh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó dá ndeonófar an chosaint sin, go háirithe i gcás non-refoulement, agus don chosc ar fhaisnéis a nochtadh nó a fháil i gcomhréir le hAirteagal 30 de Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24).

5.   I dtaca le sonraí arna bpróiseáil in SIS agus leis an bhfaisnéis fhorlíontach ghaolmhar arna malairt de bhun an Rialacháin seo, ní chuirfear sin ar fáil don tríú tír i gcás inar cuireadh ar fionraí nó ar athló forfheidhmiú an chinnidh um fhilleadh, lena n-áirítear toisc gur cuireadh isteach achomharc, ar an ábhar go mbeadh prionsabal an non-refoulement á shárú le filleadh den chineál sin.

6.   Cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679, lena n-áirítear maidir le haistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha de bhun an Airteagail seo, agus go háirithe úsáid, comhréireacht agus riachtanas na n-aistrithe bunaithe ar phointe (d) d'Airteagal 49(1)) den Rialachán sin, beidh sé faoi réir faireachán ó na húdaráis mhaoirseachta neamhspleácha dá dtagraítear sa Rialachán sin.

Airteagal 16

Staitisticí

Cuirfidh eu-LISA staitisticí ar fáil ar bhonn laethúil, míosúil, agus bliantúil, (arna rangú de réir gach Ballstáit ar leith agus san iomlán) faoi líon na bhfoláireamh maidir le filleadh a cuireadh isteach in SIS. Áireofar ar na staitisticí na sonraí dá dtagraítear i bpointe (y) d'Airteagal 4(1), faoi líon na bhfoláireamh dá dtagraítear in Airteagal 7(1), agus faoi líon na bhfoláireamh maidir le filleadh a scriosadh. Cuirfidh eu-LISA staitisticí ar fáil faoi na sonraí a chuir na Ballstáit ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 6(3) agus le hAirteagal 13. Ní bheidh aon sonraí pearsanta sna staitisticí sin.

Beidh an staidreamh sin ar áireamh sa tuarascáil bhliantúil staitistiúil dá bhforáiltear in Airteagal 60(3) de Rialachán (AE) 2018/1861.

Airteagal 17

Ceart rochtana ag na húdaráis inniúla ar shonraí atá in SIS

1.   Ba cheart rochtain ar shonraí in SIS agus an ceart sonraí den sórt sin a chuardach a fhorchoimeád do na húdaráis inniúla náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 34(1), (2) agus (3) de Rialachán (AE) 2018/1861.

2.   Cuimseofar i sainordú Europol an ceart chun sonraí in SIS a rochtain agus a chuardach i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1861 ar mhaithe le gníomhaíocht údaráis inniúla na mBallstát, agus an comhar frithpháirteach eatarthu, a neartú maidir le smuigleáil imirceach agus éascú imirce neamhrialta a chosc agus a chomhrac.

3.   Sa sainordú a bheidh ag baill na bhfoirne sin dá dtagraítear i bpoint (8) agus (9) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/1624, cuimseofar an ceart chun sonraí in SIS i gcomhréir le hAirteagal 36 de Rialachán (AE) 2018/1861 a rochtain agus a chuardach chun críche seiceálacha teorann, faireachas teorann agus oibríochtaí um fhilleadh a dhéanamh tríd an gcomhéadan teicniúil arna bhunú agus arna chothú ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta.

Airteagal 18

Meastóireacht

Laistigh de 2 bhliain ó thosófar á chur i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Áireofar sa mheastóireacht sin measúnú ar na sineirgí a d'fhéadfadh a bheith ann idir an Rialachán seo agus Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25).

Airteagal 19

Infheidhmeacht fhorálacha Rialachán (AE) 2018/1861

Sa mhéid agus nach suitear leis an Rialachán seo iad, i dtaca le hiontráil, próiseáil, agus uasdátú foláireamh, i dtaca leis na forálacha maidir le freagrachtaí na mBallstát agus eu-LISA, na coinníollacha maidir le foláirimh a rochtain agus an tréimhse athbhreithnithe a bhaineann le foláirimh, próiseáil sonraí, cosaint sonraí, dliteanas agus faireachán a dhéanamh agus staitisticí a leagtar síos in Airteagal 6 go hAirteagal 19, Airteagal 20(3) agus (4), Airteagail 21, 23, 32, 33, 34(5) agus 38 go 60 de Rialachán (AE) 2018/1861, beidh feidhm acu sin go léir agus sonraí á n-iontráil agus á bpróiseáil in SIS i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 20

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón dáta arna socrú ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(2) de Rialachán (AE) 2018/1861.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Samhain 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. EDTSTADLER


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Deireadh Fómhair 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Samhain 2018.

(2)  Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go mídhleathach a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (féach leathanach 14 den Iris Oifigiúil seo).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (féach leathanach 56 den Iris Oifigiúil seo).

(5)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

(6)  Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).

(7)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 ar chosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus ar shaorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán um Chosaint Sonraí Ginearálta)(IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(9)  Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Bhainistiú Oibríochtúil ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh Uimh. 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 99).

(11)  Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).

(12)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(13)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(14)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(15)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(16)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(17)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(18)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an Aontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(19)  Cinneadh 2010/365/AE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2010 i ndáil leis na forálacha sin de chuid acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin (IO L 166, 1.7.2010, lch. 17).

(20)  Cinneadh (AE) 2018/934 ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha atá fágtha den acquis Schengen maidir le Córas Faisnéise Schengen i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin (IO L 165, 2.7.2018, lch. 37).

(21)  Cinneadh (AE) 2017/733 ón gComhairle an 25 Aibreán 2017 i ndáil leis na forálacha sin de chuid acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Cróite (IO L 108, 26.4.2017, lch. 31).

(22)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(23)  IO L 239, 22.9.2000, lch. 19.

(24)  Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le gnáthnósanna imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a aistarraingt (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).

(25)  Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).


Top