An Coiste Gnó
Obair an Choiste
Fochoiste de Bhord na Gaeilge is ea an Coiste Gnó. Cuirtear Coiste nua le chéile ag tús na bliana acadúla. De ghnáth bíonn seachtar ball foirne ar an gCoiste is tugtar cuireadh d’ionadaite ó na grúpaí seo a leanas a bheith mar bhall den Choiste leis:
- An Chuallacht
- An Cumann Drámaíochta
- Cumann an Cheoil Thraidisiúnta
- Cumann an Bhéaloidis
- Áras Uí Thuama
- Aontas na Mac Léinn
Bíonn deis ag baill an Choiste labhairt lena chéile maidir leis an obair atá ar siúl sa choláiste chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus na slite gur féidir leis na baill lámh chúnta a thabhairt dá chéile. Seoltar tuairisc ar an bplé seo maraon le haon mholtaí a bhíonn ag an gCoiste chuig Bord na Gaeilge.
Buaileann an Coiste le chéile trí huaire le linn na bliana acadúla.
Ballraíocht an Choiste 2023-2024
Baill Foirne :
Emma Nic Cárthaigh, Roinn na Sean- agus na Meán-Ghaeilge
Féilim Ó hAdhmaill, Staidéar Sóisialta Feidhmeach
Caitríona Breathnach, Ionad na Gaeilge Labhartha
Karol Ó Colmáin, Ionad na Gaeilge Labhartha
Nuala de Búrca, Ionad na Gaeilge Labhartha
Clíodhna Ní Cheallacháin, Oifig na Mac Léinn Lánfhásta
Ken Ó Donnchú, Roinn na Nua-Ghaeilge
Urlabhraithe Mic Léinn:
Méabh Ní Chonaill, Cumann an Cheoil Thraidisiúnta
Katie Halpin-Hill , Aontas na Mac Léinn
Liam Ó hÓgáin, An Chuallacht
Aifric Nic Niallais, Áras Uí Thuama
Miontuairiscí
Brúigh anseo chun féachaint ar na miontuairiscí ó chruinnithe an Choiste. Beidh ainm úsáideora agus pasfhocal uait chun féachaint ar na miontuairiscí seo.